Chuala mé trácht ar shuímh Ghréasáin nach féidir teacht orthu ach trí líonra Tor. Cad iad na suímh seo, agus conas is féidir liom teacht orthu?
Tugtar "onion" ar shuíomh Gréasáin nach féidir teacht air ach trí líonra Tor, agus úsáideann na suímh seo an fearann barrleibhéil .onion. For example, the DuckDuckGo onion is https://duckduckgogg42xjoc72x3sjasowoarfbgcmvfimaftt6twagswzczad.onion/. Is féidir leat Brabhsálaí Tor a úsáid chun teacht ar na suímh seo. Caithfidh tú na seoltaí a fháil go díreach ó óstach an tsuímh, toisc nach bhfuil suímh onion innéacsaithe ag innill chuardaigh sa chaoi a ndéantar le gnáthshuímh Ghréasáin.