An mbeadh sé ceart go leor athsheachadán amach a rith sa mbaile?
Ní bheadh. Dá gcuirfeadh na gardaí spéis sa trácht atá ag dul trí d'athsheachadán amach, bheadh contúirt ann go ngabhfaidís seilbh ar do ríomhaire. Dá bharr seo, níor chóir duit athsheachadán amach a rith sa mbaile nó ar do líonra baile.
Ina áit sin, ba chóir duit an t-athsheachadán amach a rith i gcomhlacht a thacaíonn le haidhmeanna Tor. Úsáid seoladh IP ar leith don athsheachadán amach, agus ná seol do chuid tráchta féin tríd. Ar ndóigh, níor chóir duit aon fhaisnéis phearsanta nó íogair a choinneáil ar an ríomhaire a bhfuil an t-athsheachadán amach air.