An bhfuil sé sábháilte Brabhsálaí Tor agus brabhsálaí eile a úsáid san am gcéanna?
Má úsáideann tú Brabhsálaí Tor agus brabhsálaí eile san am gcéanna, níl aon éifeacht ar fheidhmíocht Tor nó ar a ghnéithe príobháideachais. Mar sin féin, ba chóir duit a bheith ar an eolas nach mbeidh na gnéithe príobháideachais céanna ar fáil sa mbrabhsálaí eile. Mar sin, caithfidh tú a bheith cúramach gan an brabhsálaí eile a úsáid chun rud éigin a dhéanamh a bhí tú ag iarraidh a dhéanamh i mBrabhsálaí Tor.