Tá dhá bhealach i mBrabhsálaí Tor chun an ciorcad a athrú — "Aitheantas Nua" agus "Ciorcad Nua don Suíomh seo". Both options are located in the hamburger menu ("≡"). You can also access the New Circuit option inside the site information menu in the URL bar, and the New Identity option by clicking the small sparky broom icon at the top-right of the screen.

Aitheantas Nua

Tá an rogha seo úsáideach má tá tú ag iarraidh aon cheangal idir do ghníomhaíocht sa todhchaí agus na rudaí a bhí tú ag déanamh níos luaithe a bhriseadh.

Nuair a roghnaítear é seo, dúnann sé do chuid cluaisíní agus fuinneoga, glanann sé aon fhaisnéis phríobháideach, mar shampla fianáin agus an stair bhrabhsála, agus úsáideann sé ciorcaid nua Tor do gach ceangal.

Tabharfaidh Brabhsálaí Tor rabhadh duit go stopfaidh sé gach uile rud atá ar siúl, íoslódálacha san áireamh. Ba chóir duit é seo a chur san áireamh sula gcliceálfaidh tú "Aitheantas Nua".

Tor Browser Menu

New Tor Circuit for this Site

Tá an rogha seo úsáideach mura bhfuil an t-athsheachadán amach a úsáideann tú in ann ceangal a bhunú leis an suíomh atá uait, nó mura bhfuil sé ag lódáil i gceart. Nuair a roghnaítear é seo, athlódáiltear an cluaisín nó an fhuinneog reatha thar ciorcad nua Tor.

Úsáidfidh cluaisíní agus fuinneoga oscailte eile ón suíomh céanna an ciorcad nua freisin, chomh luath is a athlódálfar iad.

Ní ghlanann an rogha seo aon fhaisnéis phríobháideach ná do chuid gníomhaíochta, agus níl aon éifeacht aige ar cheangail le suímh eile.

New Circuit for this Site